7 Ach imígí agus abraigí lena dheisceabail agus le Peadar: ‘Tá sé ag dul romhaibh don Ghailíl; ansiúd a fheicfidh sibh é faoi mar a dúirt sé libh.’ ”
8 Tháinig na mná amach agus theith siad ón tuama mar ghabh scanradh agus uamhan iad. Agus ní dúirt siad aon ní le haon duine; óir bhí eagla orthu.
9 Tar éis aiséirí dó maidin an chéad lae den tseachtain, thaispeáin sé é féin ar dtús do Mháire Mhaigdiléana, an bhean as ar chaith sé seacht ndeamhain amach.
10 D'imigh sise agus d'inis sí é don mhuintir a bhíodh in éineacht leis, agus iadsan ag caoi agus ag gol.
11 Ach nuair a chuala siadsan go raibh sé beo, agus go raibh sé feicthe aici, níor chreid siad.
12 Ina dhiaidh sin thaispeáin sé é féin, i riocht eile, do bheirt acu agus iad ar an tslí ag gabháil amach faoin tuath.
13 Tháinig siadsan ar ais agus d'inis don chuid eile é, ach ní mó ná sin a chreid siad iadsan.