1 Roinnt laethanta ina dhiaidh sin, ar theacht ar ais go Cafarnáum dó, fuarthas fios go raibh sé sa teach,
2 agus bhí an oiread sin daoine cruinnithe ann nach raibh slí ann fiú amháin timpeall an dorais, agus bhí sé ag labhairt an bhriathair leo.
3 Tháinig daoine ag tabhairt pairilisigh chuige ar iompar idir ceathrar.
4 Nuair nárbh fhéidir leo teacht ina ghar mar gheall ar an slua, nocht siad an díon os a chionn, agus tar éis dóibh poll a dhéanamh, lig siad síos an tsráideog a raibh an pairiliseach ina luí inti.
5 Nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu, dúirt sé leis an bpairiliseach: “A mhic, tá do pheacaí maite.”
6 Bhí cuid de na scríobhaithe ina suí ansiúd ag smaoineamh ina gcroí:
7 “Cad a bheir dó seo labhairt mar sin? Is diamhasla dó é. Cé fhéadann peacaí a mhaitheamh ach amháin Dia?”