14 Agus ag dul thar bráid dó, chonaic sé Léiví mac Alfáias ina shuí in oifig an chustaim agus dúirt leis: “Lean mise.” D'éirigh seisean agus lean sé é.
15 Agus nuair a bhí sé ag bord ina theach, bhí mórán poibleacánach agus peacach ina suí le hÍosa agus lena dheisceabail, mar bhí mórán díobh á leanúint.
16 Nuair a chonaic scríobhaithe na bhFairisíneach go raibh sé ag ithe leis na peacaigh agus na poibleacánaigh, dúirt siad lena dheisceabail: “Cén fáth a mbíonn sé ag ithe agus ag ól le poibleacánaigh agus le peacaigh?”
17 Ar a chloisteáil sin d'Íosa dúirt sé leo: “Ní ag na daoine atá slán a bhíonn gá le lia ach ag na daoine atá tinn. Ní fíréin a tháinig mé a ghlaoch ach peacaigh.”
18 Bhí troscadh á dhéanamh ag deisceabail Eoin agus ag na Fairisínigh, agus tháinig daoine á rá leis: “Cén fáth a ndéanann deisceabail Eoin agus deisceabail na bhFairisíneach troscadh, agus nach ndéanann do dheisceabailse troscadh?”
19 Dúirt Íosa leo: “An féidir le hógánaigh na bainise troscadh a dhéanamh le linn don fhear nuaphósta bheith leo? Fad a bhíonn an fear nuaphósta leo, ní féidir dóibh troscadh a dhéanamh.
20 Ach tiocfaidh na laethanta nuair a bheidh an fear nuaphósta tógtha uathu, agus ansin déanfaidh siad troscadh an lá sin.