21 Ní fhuafadh aon duine preabán d'éadach gan ramhrú ar sheanbhrat: dá ndéanfadh, bhainfeadh an paiste rud éigin as - an nua as an sean - agus ba mhiste an stróiceadh é.
22 Ná ní chuirfeadh aon duine fíon nua i seanseithí: dá gcuirfeadh, phléascfadh an fíon na seithí, agus bheadh idir fhíon agus sheithí millte. Ach fíon nua i seithí nua!”
23 Ansin, lá sabóide, nuair a bhí sé ag gabháil trí na goirt arbhair, thosaigh a dheisceabail ag stoitheadh na ndias agus iad ag siúl na slí.
24 Dúirt na Fairisínigh leis: “Féach, cén fáth a bhfuil siad ag déanamh ruda nach dleathach sa tsabóid?”
25 Dúirt sé leo: “Nár léigh sibh riamh faoin rud a rinne Dáiví nuair a bhí sé i ngá agus ocras air, é féin agus a chompánaigh:
26 mar a chuaigh sé isteach i dteach Dé, in aimsir Aibiatár an t‑ardsagart, agus d'ith builíní na fianaise nach dleathach a ithe ach do na sagairt, agus mar a thug fós dá chompánaigh iad?”
27 Agus dúirt sé leo: “Rinneadh an tsabóid ar son an duine, ní dhearnadh an duine ar son na sabóide;