7 “Cad a bheir dó seo labhairt mar sin? Is diamhasla dó é. Cé fhéadann peacaí a mhaitheamh ach amháin Dia?”
8 Ach thuig Íosa láithreach ina spiorad go raibh an smaoineamh sin ina n‑aigne agus dúirt sé leo: “Cad a bheir na smaointe sin in bhur gcroí?
9 Cé acu is fusa, a rá leis an bpairiliseach: ‘Tá do pheacaí maite,’ nó a rá: ‘Éirigh, tóg do shráideog, agus siúil’?
10 Ach chun go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil údarás ag Mac an Duine ar an talamh peacaí a mhaitheamh” - dúirt sé leis an bpairiliseach:
11 “Deirim leat, éirigh, tóg do shráideog agus gabh abhaile.”
12 D'éirigh seisean agus thóg an tsráideog láithreach, agus d'imigh amach os comhair cách, ionas go raibh alltacht orthu uile agus gur thug siad glóir do Dhia á rá: “Ní fhacamar a leithéid seo riamh.”
13 Chuaigh sé amach arís cois na farraige, agus bhí an slua go léir ag teacht chuige agus eisean á dteagasc.