24 Má bhíonn ríocht ar deighilt ina haghaidh féin, ní fhéadann an ríocht sin seasamh.
25 Agus má bhíonn teaghlach ar deighilt ina aghaidh féin, ní fhéadfaidh an teaghlach sin seasamh.
26 Agus má tá Sátan éirithe amach ina aghaidh féin agus é ar deighilt, ní fhéadann sé seasamh.
27 Ach ní fhéadfadh duine ar bith dul isteach i dteach an fhir láidir agus a urra tí a chreachadh gan an fear láidir a chur i ngéibheann ar dtús, agus ansin ní miste dó a theach a chreachadh.
28 “Deirim libh go fírinneach, maithfear don chine daonna a gcuid peacaí agus cibé diamhaslaí a dhéanfaidh siad,
29 ach duine ar bith a dhéanfaidh diamhasla in aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bheidh maithiúnas le fáil aige go deo, ach tá sé ciontach i bpeaca síoraí,” -
30 mar go ndúirt siad: “Tá spiorad míghlan ann.”