31 Ansin tháinig a mháthair agus a bhráithre, agus ina seasamh dóibh amuigh chuir siad scéala chuige ag glaoch air.
32 Bhí slua ina suí timpeall air, agus dúirt siad leis: “Tá do mháthair agus do bhráithre amuigh do d'iarraidh.”
33 Dúirt sé leo á bhfreagairt: “Cé hiad mo mháthair agus mo bhráithre?”
34 Agus ag dearcadh dó ar a raibh ina suí timpeall air, dúirt: “Seo iad mo mháthair agus mo bhráithre!
35 Óir, duine ar bith a dhéanfaidh toil Dé, sin é mo bhráthair agus mo shiúr agus mo mháthair.”