1 Thosaigh sé ag teagasc cois na farraige uair eile, agus bhailigh slua chomh líonmhar sin chuige go ndeachaigh sé isteach i mbád agus gur shuigh inti ar farraige, agus bhí an slua go léir le hais na farraige ar an talamh.
2 Rinne sé mórán nithe a theagasc dóibh i bparabail, agus dúirt sé leo ina chuid teagaisc:
3 “Éistigí liom! Chuaigh an síoladóir amach ag cur an tsíl.
4 Agus sa síolchur, thit cuid den ghrán le hais an bhóthair agus tháinig an éanlaith á ithe suas.
5 Thit cuid eile den ghrán ar an gcreagán, áit nach raibh mórán ithreach ann dó, agus d'eascair sé gan mhoill de bhrí nach raibh an ithir dhomhain aige;