5 Thit cuid eile den ghrán ar an gcreagán, áit nach raibh mórán ithreach ann dó, agus d'eascair sé gan mhoill de bhrí nach raibh an ithir dhomhain aige;
6 agus nuair d'éirigh an ghrian loisceadh é, agus toisc nach raibh fréamh aige d'fheoigh sé.
7 Thit cuid eile den ghrán sa deilgneach, agus d'fhás an deilgneach aníos agus phlúch é, agus níor thug sé aon toradh uaidh.
8 Ach thit gráinní eile ar an talamh maith agus thug toradh uathu ag fás suas agus ag méadú, agus bhí barr air faoi thríocha agus faoi sheasca agus faoi chéad.”
9 Agus dúirt sé: “An té a bhfuil cluas chun éisteachta air, éisteadh!”
10 Nuair a bhí sé ina aonar, iad seo a bhíodh ina thimpeall leis an dáréag, d'fhiafraigh siad de i dtaobh na bparabal.
11 Dúirt sé leo: “Tá rúndiamhair ríocht Dé tugtha daoibhse; ach dóibh seo atá amuigh, is i bparabail a bhíonn an uile ní,