1 Tháinig siad go dtí an taobh eile den fharraige, go dtí tír na nGeiriséanach,
2 agus ar theacht amach as an mbád dó, tháinig faoina dhéin as na tuamaí duine a raibh spiorad míghlan ann
3 a bhíodh ina chónaí sna tuamaí; agus ní fhéadfadh aon duine é cheangal feasta, le slabhra féin;
4 óir is minic roimhe sin a cheanglaítí le geimhle agus le slabhraí é, ach shracadh sé na slabhraí as a chéile, agus bhriseadh sé na geimhle, agus níorbh fhéidir le haon duine é smachtú.