10 Agus bhí sé ag achainí air go crua gan iad a chur as an tír.
11 Bhí, ansiúd ar an sliabh, tréad mór muc ar féarach,
12 agus rinne siad achainí air: “Cuir ag triall ar na muca sinn, go dtéimis isteach iontu.”
13 Thug sé an cead dóibh. Tháinig na spioraid mhíghlana amach agus chuaigh siad isteach sna muca; agus chuaigh an tréad ina ruathar le fána, timpeall dhá mhíle díobh, isteach san fharraige agus bádh san fharraige iad.
14 Theith na mucaithe a bhí ina bhfeighil, agus d'inis siad an scéal sa chathair agus sna feirmeacha. Tháinig na daoine amach go bhfeicfidís cad é an rud é seo a tharla.
15 Agus tháinig siad ag triall ar Íosa agus chonaic siad an deamhnaíoch ina shuí agus a chuid éadaigh air, ina cheartmheabhair, an duine céanna a mbíodh an léigiún ann; agus bhí uamhan orthu.
16 D'inis an lucht féachana dóibh cad a tharla don deamhnaíoch, agus mar gheall ar na muca.