16 D'inis an lucht féachana dóibh cad a tharla don deamhnaíoch, agus mar gheall ar na muca.
17 Agus thosaigh siad ag achainí ar Íosa imeacht óna gceantar.
18 Ag dul ar bord an bháid dó, rinne an fear a mbíodh an deamhan ann achainí air bheith ina chuideachta,
19 ach ní ligfeadh sé dó ach dúirt leis: “Imigh leat abhaile chun do mhuintire féin agus inis dóibh a bhfuil déanta ag an Tiarna duit agus mar a rinne sé trócaire ort.”
20 Agus d'imigh sé leis agus thosaigh ag fógairt i nDeacapoil a raibh déanta ag Íosa dó, agus bhí ionadh ar chách.
21 Ar theacht trasna do Íosa sa bhád go dtí an taobh eile, bhailigh slua mór ina thimpeall, agus bhí sé le hais na farraige.
22 Tháinig duine de chinn urra na sionagóige, arbh ainm dó Iáras, agus ar a fheiceáil dó, chaith sé é féin ag a chosa