2 agus ar theacht amach as an mbád dó, tháinig faoina dhéin as na tuamaí duine a raibh spiorad míghlan ann
3 a bhíodh ina chónaí sna tuamaí; agus ní fhéadfadh aon duine é cheangal feasta, le slabhra féin;
4 óir is minic roimhe sin a cheanglaítí le geimhle agus le slabhraí é, ach shracadh sé na slabhraí as a chéile, agus bhriseadh sé na geimhle, agus níorbh fhéidir le haon duine é smachtú.
5 Agus bhíodh sé de ghnáth de lá agus d'oíche sna tuamaí agus ar na sléibhte, é ag screadach agus á ghreadadh féin le clocha.
6 Nuair a chonaic sé Íosa i bhfad uaidh, rith agus d'umhlaigh dó,
7 agus ag screadach de ghlór ard dúirt: “Cad ab áil leat díom, a Íosa, a Mhic Dé ró-aird? Cuirim ort, as ucht Dé, gan mé a chrá,”
8 óir bhí sé á rá leis: “Gabh amach as an duine, a spioraid mhíghlain.”