22 Tháinig duine de chinn urra na sionagóige, arbh ainm dó Iáras, agus ar a fheiceáil dó, chaith sé é féin ag a chosa
23 agus rinne achainí go crua air ag rá: “Tá m'iníon bheag ar phointe an bháis. Tar agus cuir do lámha uirthi chun go mbeadh sí slán agus go mairfeadh.”
24 D'imigh sé lena chois agus bhí slua mór á leanúint agus bhí siad ag plódú air.
25 Agus bean a raibh rith fola uirthi ar feadh dhá bhliain déag,
26 agus a bhí tar éis mórán a fhulaingt óna lán lianna agus a raibh aici a chaitheamh, agus nárbh fhearrde í é, ach gur mhó a bhí sí ag dul in olcas,
27 nuair a chuala sí scéala mar gheall ar Íosa, tháinig sí taobh thiar de sa slua agus bhain sí lena bhrat;
28 mar dúirt sí: “Má bhainim lena chuid éadaigh fiú amháin, beidh mé slán.”