24 D'imigh sé lena chois agus bhí slua mór á leanúint agus bhí siad ag plódú air.
25 Agus bean a raibh rith fola uirthi ar feadh dhá bhliain déag,
26 agus a bhí tar éis mórán a fhulaingt óna lán lianna agus a raibh aici a chaitheamh, agus nárbh fhearrde í é, ach gur mhó a bhí sí ag dul in olcas,
27 nuair a chuala sí scéala mar gheall ar Íosa, tháinig sí taobh thiar de sa slua agus bhain sí lena bhrat;
28 mar dúirt sí: “Má bhainim lena chuid éadaigh fiú amháin, beidh mé slán.”
29 Agus stad an doirteadh fola aici láithreach, agus mhothaigh sí ina corp go raibh sí leigheasta óna gearán.
30 Ach d'airigh Íosa ann féin go ndeachaigh brí amach uaidh, chas sé timpeall láithreach sa slua agus dúirt: “Cé bhain le mo chuid eádaigh?”