40 Agus bhí siad ag fonóid faoi. Ach chuir sé amach iad uile, agus rug sé leis athair agus máthair an linbh agus iad seo a bhí leis, agus chuaigh isteach mar a raibh an leanbh ina luí.
41 Agus rug sé greim láimhe uirthi agus dúirt léi: “Talitá cúm” - focal a chiallaíonn: “A chailín bhig, deirim leat, éirigh!”
42 D'éirigh an cailín agus shiúil sí thart, mar bhí sí dhá bhliain déag. Agus bhí ionadh agus alltacht orthu.
43 Ach chuir sé mar acht orthu go crua gan a fhios seo a bheith ag aon duine, agus dúirt rud le hithe a thabhairt di.