8 óir bhí sé á rá leis: “Gabh amach as an duine, a spioraid mhíghlain.”
9 Agus d'fhiafraigh de: “Cad is ainm duit?” Dúirt sé leis: “Léigiún is ainm dom, óir tá mórán againn ann.”
10 Agus bhí sé ag achainí air go crua gan iad a chur as an tír.
11 Bhí, ansiúd ar an sliabh, tréad mór muc ar féarach,
12 agus rinne siad achainí air: “Cuir ag triall ar na muca sinn, go dtéimis isteach iontu.”
13 Thug sé an cead dóibh. Tháinig na spioraid mhíghlana amach agus chuaigh siad isteach sna muca; agus chuaigh an tréad ina ruathar le fána, timpeall dhá mhíle díobh, isteach san fharraige agus bádh san fharraige iad.
14 Theith na mucaithe a bhí ina bhfeighil, agus d'inis siad an scéal sa chathair agus sna feirmeacha. Tháinig na daoine amach go bhfeicfidís cad é an rud é seo a tharla.