13 agus chaith siad amach mórán deamhan agus rinne siad mórán othar a ungadh le hola agus leigheas siad iad.
14 Chuala Héaród rí mar gheall air, mar bhí a ainm in airde, agus dúirt: “Tá Eoin Baiste éirithe ó mhairbh, agus sin é an fáth a bhfuil na míorúiltí á n‑oibriú tríd.”
15 Dúirt daoine eile: “Éilias atá ann.” Dúirt daoine eile: “Is fáidh é, ina dhuine de na fáithe.”
16 Ach nuair a chuala Héaród mar gheall air, dúirt: “Eoin úd, ar bhain mé an ceann de, is é atá éirithe.”
17 Óir is amhlaidh a chuir Héaród ordú amach Eoin a ghabháil agus a chur i ngéibheann i bpríosún mar gheall ar Héaróidias, bean Philib a dheartháir, mar bhí sé tar éis í a phosadh.
18 Óir dúirt Eoin le Héaród: “Ní ceadmhach duit bean do dhearthár a bheith agat.”
19 Bhí olc ag Héaróidias chuige agus b'áil léi é mharú ach ní fhéadfadh,