27 agus chuir an rí duine den gharda amach láithreach agus d'ordaigh a cheann a thabhairt isteach. D'imigh seisean agus dhícheannaigh sé sa phríosún é,
28 agus thug sé a cheann isteach ar mhias agus thug don chailín é agus thug an cailín dá máthair é.
29 Ar a chloisteáil sin dá dheisceabail, tháinig siad agus thóg a chorp agus chuir i dtuama é.
30 Tháinig na haspail le chéile timpeall ar Íosa agus d'inis siad dó a raibh déanta acu agus a raibh de theagasc tugtha acu.
31 Dúirt sé leo: “Tagaigí sibhse go dtí áit uaigneach ar leithligh agus glacaigí bhur suaimhneas tamall” - óir bhí mórán daoine ag teacht agus ag imeacht agus ní raibh am chun bia féin acu.
32 D'imigh siad leo i mbád go dtí áit uaigneach ar leithligh.
33 Agus chonaic mórán ag imeacht iad agus d'aithin siad iad, agus rith siad ann dá gcois as na cathracha uile agus bhain siad an áit amach rompu.