34 Ag teacht i dtír dó chonaic sé slua mór, agus ghlac sé trua dóibh mar go raibh siad mar a bheadh caoirigh gan aoire, agus thosaigh sé ag muineadh mórán nithe dóibh.
35 Nuair a bhí an lá ag dul i ndéanaí, tháinig a dheisceabail chuige agus dúirt siad: “Áit uaigneach é seo, agus tá sé déanach feasta.
36 Scaoil uait iad go rachaidís isteach sna feirmeacha agus sna bailte mórthimpeall ag ceannach rud éigin le hithe dóibh féin.”
37 Dúirt sé leo á bhfreagairt: “Tugaigí sibhse rud le hithe dóibh.” Dúirt siad leis: “An ea go rachaimid ag ceannach luach dhá chéad déanar d'arán agus é a thabhairt dóibh le hithe?”
38 Dúirt sé leo: “Cé mhéad builín atá agaibh? Imígí agus faighigí amach.” Ar fháil amach dóibh dúirt siad: “Tá cúig cinn, agus dhá iasc.”
39 Agus d'ordaigh sé dóibh uile luí fúthu ina mbuíonta ar an bhféar glas,
40 agus lig siad fúthu ina ngasraí, ina gcéadta agus ina gcaogaidí.