4 Ach dúirt Íosa leo: “Ní bhíonn fáidh faoi neamhchion ach amháin ina dhúiche féin agus i measc a ghaolta féin agus ina theaghlach féin.”
5 Agus ní fhéadfadh sé míorúilt ar bith a dhéanamh ansiúd ach amháin a lámha a chur ar bheagán othar agus iad a leigheas,
6 agus rinne sé ionadh dá ndíchreideamh.Agus ghabh Íosa timpeall ar fud na mbailte ag teagasc.
7 Ghlaoigh sé an dáréag chuige agus thosaigh á gcur amach ina mbeirt agus ina mbeirt, agus thug údarás dóibh ar na spioraid mhíghlana.
8 D'ordaigh sé dóibh gan aon ní a bhreith leo i gcomhair an bhóthair ach amháin bata - arán ná tiachóg ná airgead sa chrios;
9 ach cuaráin a chur orthu, “agus ná cuirigí dhá ionar oraibh”.
10 Agus dúirt sé leo: “Cibé áit a dtéann sibh isteach i dteach, cuirigí fúibh ann nó go mbeidh sibh ag fágáil na háite.