6 agus rinne sé ionadh dá ndíchreideamh.Agus ghabh Íosa timpeall ar fud na mbailte ag teagasc.
7 Ghlaoigh sé an dáréag chuige agus thosaigh á gcur amach ina mbeirt agus ina mbeirt, agus thug údarás dóibh ar na spioraid mhíghlana.
8 D'ordaigh sé dóibh gan aon ní a bhreith leo i gcomhair an bhóthair ach amháin bata - arán ná tiachóg ná airgead sa chrios;
9 ach cuaráin a chur orthu, “agus ná cuirigí dhá ionar oraibh”.
10 Agus dúirt sé leo: “Cibé áit a dtéann sibh isteach i dteach, cuirigí fúibh ann nó go mbeidh sibh ag fágáil na háite.
11 Agus áit ar bith nach nglacfaidh libh agus nach áil leo éisteacht libh, gabhaigí amach as sin agus croithigí an deannach atá faoi bhur gcosa mar fhianaise ina n‑aghaidh.”
12 Agus ar dhul amach dóibh d'fhógair siad aithrí a dhéanamh