11 Ach is é a deir sibhse: Má deir duine lena athair nó lena mháthair: ‘Ní ar bith de mo chuidse a d'fhéadfadh dul chun sochair duitse, is Corbán, is é sin, is tabhartas don Tiarna é’,
12 ní ligeann sibh dó feasta rud ar bith a dhéanamh dá athair nó dá mháthair,
13 ag cur briathar Dé ar neamhní tríd an traidisiún seo agaibh a fhágann sibh ag bhur sliocht. Agus déanann sibh mórán nithe den sórt sin.”
14 Ghlaoigh sé an slua chuige arís agus dúirt sé leo: “Éistigí sibh uile liom agus bainigí meabhair as an méid seo.
15 Níl aon ní lasmuigh den duine a d'fhéadfadh, trí dhul isteach ann, é dhéanamh neamhghlan, ach is iad na nithe a thagann amach as an duine a dhéanann an duine neamhghlan.
16 Má bhíonn cluasa chun éisteachta ar aon duine, éisteadh!”
17 Agus ar dhul isteach sa teach dó, i leataobh ón slua, d'fhiafraigh a dheisceabail de faoin bparabal.