17 Agus ar dhul isteach sa teach dó, i leataobh ón slua, d'fhiafraigh a dheisceabail de faoin bparabal.
18 Dúirt sé leo: “Nach bhfuil tuiscint agaibhse ach oiread? An ea nach dtuigeann sibh, rud ar bith a rachadh isteach sa duine ón taobh amuigh, nach bhféadfadh sé é dhéanamh neamhghlan,
19 de bhrí nach ina chroí a théann sé ach ina ghoile agus go ngabhann sa leithreas?” (Sin mar a d'fhógair sé gach bia a bheith glan.)
20 Dúirt sé: “An rud a thagann amach as an duine, sin é a dhéanann neamhghlan an duine.
21 Óir is ón taobh istigh, amach as croí na ndaoine, a thagann drochsmaointe, bearta drúise, gadaíochtaí, dúnmharuithe,
22 bearta adhaltranais, sainteanna, mallaitheachtaí, cealg, ainriantacht, formad, ithiomrá, díomas, amadántacht.
23 Is ón taobh istigh a thagann na drochnithe sin uile, agus déanann siad neamhghlan an duine.”