2 agus nuair a chonaic siad go raibh cuid dá dheisceabail ag caitheamh a gcoda le lámha neamhghlana, is é sin, le lámha nach raibh nite -
3 óir, na Fairisínigh agus na Giúdaigh uile, ní chaitheann siad a gcuid gan a lámha a ní, ag coinneáil traidisiún na sinsear;
4 agus an rud a thagann ón margadh, ní itheann siad gan uisce a chroitheadh air, agus tá mórán nithe eile a choinníonn siad ó shinsearacht, cupaí a ní agus corcáin agus soithí práis -
5 d'fhiafraigh na Fairisínigh agus na scríobhaithe de: “Cén fáth nach siúlann do dheisceabail de réir thraidisiún na sinsear ach a gcuid bia a chaitheamh le lámha neamhghlana?”
6 Dúirt sé leo: “Is breá an tairngreacht a rinne Íseáia mar gheall oraibhse, bréagchráifigh, mar atá scríofa:‘Tugann an pobal seo onóir dom ó bheolaach is fada uaim atá a gcroí;
7 is díomhaoin dóibh bheith do m'adhradhóir níl sa teagasc a mhúineann siadach aitheanta daonna.’
8 “Fágann sibh aithne Dé agus coinníonn sibh traidisiún na ndaoine, níochán corcán agus cupaí, agus déanann sibh mórán nithe eile den sórt sin.”