25 Óir bean a raibh a hiníon bheag agus spiorad míghlan inti, chuala sí scéala air láithreach agus tháinig sí á caitheamh féin ag a chosa.
26 Bean Ghréagach í, Suíriféinicach ó dhúchas. Rinne sí achainí air an deamhan a chaitheamh amach as a hiníon.
27 Dúirt sé léi: “Fan go dtugtar a sáith do na leanaí ar dtús, mar níl sé oiriúnach arán na leanaí a thógáil agus é a chaitheamh chun na gcoileán.”
28 Ach dúirt sí leis á fhreagairt: “Cinnte, a Thiarna, agus na coileáin féin a bhíonn faoin mbord, itheann siad grabhróga na leanaí.”
29 Agus dúirt sé léi: “Mar gheall ar an bhfocal sin, imigh leat: tá an deamhan tar éis imeacht as d'iníon.”
30 Chuaigh sí abhaile agus fuair sí an leanbh ina luí sa leaba agus an deamhan imithe.
31 Ar dhul amach dó arís as críocha na Tuíre, chuaigh sé tríd an tSíodón go farraige na Gailíle trí lár chríocha Dheacapoil.