29 Agus dúirt sé léi: “Mar gheall ar an bhfocal sin, imigh leat: tá an deamhan tar éis imeacht as d'iníon.”
30 Chuaigh sí abhaile agus fuair sí an leanbh ina luí sa leaba agus an deamhan imithe.
31 Ar dhul amach dó arís as críocha na Tuíre, chuaigh sé tríd an tSíodón go farraige na Gailíle trí lár chríocha Dheacapoil.
32 Agus thug siad chuige duine bodhar a raibh bascadh ar a chaint agus d'iarr siad air a lámh a chur air.
33 Thug sé i leataobh ón slua é ar leithligh agus chuir a mhéara ina chluasa, le seile as a bhéal bhain sé lena theanga,
34 agus, ag breathnú suas ar neamh dó, rinne sé osna agus dúirt leis: “Eafatá!” - focal a chiallaíonn: “Osclaítear thú.”
35 Agus osclaíodh a chluasa láithreach, agus scaoileadh an sreangán dá theanga agus labhair sé i gceart.