33 Thug sé i leataobh ón slua é ar leithligh agus chuir a mhéara ina chluasa, le seile as a bhéal bhain sé lena theanga,
34 agus, ag breathnú suas ar neamh dó, rinne sé osna agus dúirt leis: “Eafatá!” - focal a chiallaíonn: “Osclaítear thú.”
35 Agus osclaíodh a chluasa láithreach, agus scaoileadh an sreangán dá theanga agus labhair sé i gceart.
36 Agus d'ordaigh sé dóibh gan a insint do dhuine ar bith, ach dá ghéire a d'ordaigh sé dóibh is ea ba mhó a bhí siad á fhógairt,
37 agus bhí ionadh saoil orthu ag rá: “Rinne sé gach aon ní go maith: thug sé éisteacht do bhodhráin agus caint do bhalbháin.”