6 Dúirt sé leo: “Is breá an tairngreacht a rinne Íseáia mar gheall oraibhse, bréagchráifigh, mar atá scríofa:‘Tugann an pobal seo onóir dom ó bheolaach is fada uaim atá a gcroí;
7 is díomhaoin dóibh bheith do m'adhradhóir níl sa teagasc a mhúineann siadach aitheanta daonna.’
8 “Fágann sibh aithne Dé agus coinníonn sibh traidisiún na ndaoine, níochán corcán agus cupaí, agus déanann sibh mórán nithe eile den sórt sin.”
9 Agus dúirt sé leo: “Is breá mar a chuireann sibh aithne Dé ar gcúl chun go gcoimeádfadh sibh bhur dtraidisiún.
10 Óir dúirt Maois: ‘Tabhair onóir do d'athair agus do do mháthair’; agus: ‘An té a labhraíonn go haithiseach lena athair nó lena mháthair, bíodh ciorrú an bháis air.’
11 Ach is é a deir sibhse: Má deir duine lena athair nó lena mháthair: ‘Ní ar bith de mo chuidse a d'fhéadfadh dul chun sochair duitse, is Corbán, is é sin, is tabhartas don Tiarna é’,
12 ní ligeann sibh dó feasta rud ar bith a dhéanamh dá athair nó dá mháthair,