1 Agus dúirt sé leo: “Deirim libh go fírinneach, tá daoine anseo i láthair nach mblaisfidh an bás nó go mbeidh ríocht Dé feicthe acu agus í tagtha i gcumhacht.”
2 Sé lá ina dhiaidh sin, rug Íosa leis Peadar, Séamas agus Eoin, agus sheol sé suas iad sliabh ard ar leithligh. Agus tháinig claochlú air os comhair a súl,
3 agus d'éirigh a chuid éadaigh dealrach, iad gléigeal thar cuimse, nach bhfuil úcaire ar domhan a dhéanfadh chomh geal iad.
4 Agus chonacthas dóibh Maois mar aon le hÉilias agus iad ag comhrá leis.