13 Ach deirim libh: tá Éilias tagtha, agus d'imir siad a dtoil air de réir mar atá scríofa mar gheall air.”
14 Ar theacht dóibh go dtí na deisceabail, chonaic siad slua mór ina dtimpeall, agus scríobhaithe ag argóint leo.
15 Agus an túisce a chonaic siad é, bhí an slua go léir le hiontas, agus rith siad chuige ag beannú dó.
16 D'fhiafraigh sé díobh: “Cén argóint atá agaibh leo?”
17 Agus d'fhreagair duine den slua é: “A Mháistir, thug mé chugat mo mhac a bhfuil spiorad balbh ann:
18 agus cibé uair a bheireann sé air, teilgeann sé ar lár é, agus bíonn cúr lena bhéal agus díoscán ar a fhiacla agus é stalctha righin. D'iarr mé ar do dheisceabail é a chaitheamh amach agus chuaigh sé díobh.”
19 Dúirt sé leo á bhfreagairt: “Ó a ghlúin dhíchreidmheach, cá fhad a bheidh mé faraibh? Cá fhad a bheidh mé ag cur suas libh? Tugaigí chugam é.”