14 Ar theacht dóibh go dtí na deisceabail, chonaic siad slua mór ina dtimpeall, agus scríobhaithe ag argóint leo.
15 Agus an túisce a chonaic siad é, bhí an slua go léir le hiontas, agus rith siad chuige ag beannú dó.
16 D'fhiafraigh sé díobh: “Cén argóint atá agaibh leo?”
17 Agus d'fhreagair duine den slua é: “A Mháistir, thug mé chugat mo mhac a bhfuil spiorad balbh ann:
18 agus cibé uair a bheireann sé air, teilgeann sé ar lár é, agus bíonn cúr lena bhéal agus díoscán ar a fhiacla agus é stalctha righin. D'iarr mé ar do dheisceabail é a chaitheamh amach agus chuaigh sé díobh.”
19 Dúirt sé leo á bhfreagairt: “Ó a ghlúin dhíchreidmheach, cá fhad a bheidh mé faraibh? Cá fhad a bheidh mé ag cur suas libh? Tugaigí chugam é.”
20 Thug siad chuige é, agus an túisce a chonaic an spiorad é, bhain sé rachtanna as an ógánach, agus thit sé ar an talamh á únfairt féin agus cúr lena bhéal.