25 Nuair a chonaic Íosa slua ag bailiú go tapa, labhair sé go bagrach leis an spiorad míghlan agus dúirt leis: “A spioraid bhailbh bhodhair, táim á ordú duit, gabh amach as agus ná tar ann go deo arís.”
26 Scread sé amach, bhain sé rachtanna as go dolba, agus d'imigh amach as; agus bhí sé mar a bheadh duine marbh, sa chaoi go ndúirt a bhformhór: “Tá sé marbh.”
27 Ach rug Íosa ar láimh air agus thóg sé suas é, agus d'éirigh sé ina sheasamh.
28 Ar dhul isteach sa teach dó, d'fhiafraigh a chuid deisceabal de ar leithligh: “Cén fáth nárbh fhéidir dúinne é a chaitheamh amach?”
29 Agus dúirt sé leo: “Ní féidir leis an sórt seo dul amach trí ní ar bith ach amháin trí ghuí (agus trí throscadh).”
30 Ag imeacht as an áit sin dóibh, ghabh siad tríd an nGailíl agus níorbh áil leis go mbeadh fios ag aon duine, mar bhí sé ag teagasc a dheisceabal, a rá leo:
31 “Tabharfar Mac an Duine ar lámh do dhaoine agus cuirfidh siad chun báis é, agus tar éis a mharaithe, éireoidh sé tar éis trí lá.”