28 Ar dhul isteach sa teach dó, d'fhiafraigh a chuid deisceabal de ar leithligh: “Cén fáth nárbh fhéidir dúinne é a chaitheamh amach?”
29 Agus dúirt sé leo: “Ní féidir leis an sórt seo dul amach trí ní ar bith ach amháin trí ghuí (agus trí throscadh).”
30 Ag imeacht as an áit sin dóibh, ghabh siad tríd an nGailíl agus níorbh áil leis go mbeadh fios ag aon duine, mar bhí sé ag teagasc a dheisceabal, a rá leo:
31 “Tabharfar Mac an Duine ar lámh do dhaoine agus cuirfidh siad chun báis é, agus tar éis a mharaithe, éireoidh sé tar éis trí lá.”
32 Ach níor thuig siad an focal, agus bhí eagla orthu ceist a chur air.
33 Tháinig siad go dtí Cafarnáum, agus sa teach do d'fhiafraigh sé díobh: “Cad a bhí á chur trí chéile agaibh sa tslí?”
34 Ach ní raibh focal astu, óir bhí siad ag díospóireacht le chéile, ar an tslí, féachaint cé acu ba mhó.