31 “Tabharfar Mac an Duine ar lámh do dhaoine agus cuirfidh siad chun báis é, agus tar éis a mharaithe, éireoidh sé tar éis trí lá.”
32 Ach níor thuig siad an focal, agus bhí eagla orthu ceist a chur air.
33 Tháinig siad go dtí Cafarnáum, agus sa teach do d'fhiafraigh sé díobh: “Cad a bhí á chur trí chéile agaibh sa tslí?”
34 Ach ní raibh focal astu, óir bhí siad ag díospóireacht le chéile, ar an tslí, féachaint cé acu ba mhó.
35 Shuigh sé agus ghlaoigh chuige an dáréag agus dúirt leo: “Más mian le haon duine a bheith ar tosach, ní foláir dó bheith ar deireadh cách agus ina sheirbhíseach ag cách.”
36 Agus ag breith ar leanbh dó, chuir sé é ina sheasamh i lár baill eatarthu, agus, ag tabhairt barróige dó, dúirt sé leo:
37 “Cibé duine a ghlacfaidh a leithéid seo de leanbh ar son m'ainm, glacann sé mise, agus cibé a ghlacfaidh mise, ní mise, ach an té a chuir uaidh mé, a ghlacann sé.”