35 Shuigh sé agus ghlaoigh chuige an dáréag agus dúirt leo: “Más mian le haon duine a bheith ar tosach, ní foláir dó bheith ar deireadh cách agus ina sheirbhíseach ag cách.”
36 Agus ag breith ar leanbh dó, chuir sé é ina sheasamh i lár baill eatarthu, agus, ag tabhairt barróige dó, dúirt sé leo:
37 “Cibé duine a ghlacfaidh a leithéid seo de leanbh ar son m'ainm, glacann sé mise, agus cibé a ghlacfaidh mise, ní mise, ach an té a chuir uaidh mé, a ghlacann sé.”
38 Dúirt Eoin leis: “A mháistir, chonaiceamar duine nach leanann sinn ag caitheamh deamhan amach i d'ainmse, agus chuireamar cosc leis mar níor lean sé inár mbuíon.”
39 Dúirt Íosa: “Ná cuirigí aon chosc leis; níl aon duine a dhéanfaidh míorúilt i m'ainmse agus a fhéadfaidh, go luath, an drochfhocal a bheith aige orm;
40 óir an té nach bhfuil inár n‑aghaidh, tá sé ar ár son.
41 “Má thugann duine ar bith cupán d'fhíoruisce daoibh as ucht gur le Críost sibh, deirim libh go fírinneach nach mbeidh sé gan a thuarastal a fháil.