36 Agus ag breith ar leanbh dó, chuir sé é ina sheasamh i lár baill eatarthu, agus, ag tabhairt barróige dó, dúirt sé leo:
37 “Cibé duine a ghlacfaidh a leithéid seo de leanbh ar son m'ainm, glacann sé mise, agus cibé a ghlacfaidh mise, ní mise, ach an té a chuir uaidh mé, a ghlacann sé.”
38 Dúirt Eoin leis: “A mháistir, chonaiceamar duine nach leanann sinn ag caitheamh deamhan amach i d'ainmse, agus chuireamar cosc leis mar níor lean sé inár mbuíon.”
39 Dúirt Íosa: “Ná cuirigí aon chosc leis; níl aon duine a dhéanfaidh míorúilt i m'ainmse agus a fhéadfaidh, go luath, an drochfhocal a bheith aige orm;
40 óir an té nach bhfuil inár n‑aghaidh, tá sé ar ár son.
41 “Má thugann duine ar bith cupán d'fhíoruisce daoibh as ucht gur le Críost sibh, deirim libh go fírinneach nach mbeidh sé gan a thuarastal a fháil.
42 “Ach má thugann aon duine scannal do dhuine ar bith de na rudaí beaga seo a chreideann ionamsa, b'fhearr dó go gcuirfí bró mhuilinn faoina mhuineál agus é a chaitheamh san fharraige.