5 Agus labhair Peadar le hÍosa: “A Mháistir,” ar sé, “is maith mar a tharla anseo sinn: déanaimis trí bothanna, ceann duit féin, ceann do Mhaois agus ceann d'Éilias” -
6 mar ní raibh a fhios aige cad ba mhaith dó a rá óir tháinig uamhan orthu.
7 Agus tháinig scamall ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi: éistigí leis!”
8 Agus go tobann, ar dhearcadh dóibh ina dtimpeall, ní fhaca siad duine ar bith níos mó ach Íosa in éineacht leo ina aonar.
9 Ar a slí anuas dóibh ón sliabh, chuir sé mar acht orthu gan a raibh feicthe acu a insint do dhuine ar bith nó go mbeadh Mac an Duine éirithe ó mhairbh.
10 Agus choinnigh siad an scéal chucu féin ach go mbídís ag fiafraí dá chéile cad ba chiall leis an éirí úd ó mhairbh.
11 Agus chuir siad ceist air: “Cén fáth a ndeir na scríobhaithe go gcaithfidh Éilias teacht ar dtús?”