1 Pol, agus Silbhánus, agus Timotéus, chum eagluise na Dtessalónicanach a Ndía Athar, agus sa Dtíghearna Iósa Críosd: Grása maille ribh, agus síothcháin ó Dhía ar Nathair, agus ón Dtíghearna Iósa Críosd.
2 Beirmíd buidheachas ré Día do shíor ar bhur sonsa uile, dá bhur gcoimhniughadh ann ar núrnuighibh;
3 Gan sgur dá bheith ag coimhniughadh bhur nobair creidimh, agus sáothar carrthannachda, agus foíghide bhur mhuinighne ann ar Dtíghearna Iósa Críosd, a bfíadhnuisi Dé éadhon ar Nathair:
4 Ar mbeith fios bhur ndoghasa aguinn, a dhearbhráithre, as ionmhuin ré Día.
5 Oír ní a mbréithir amháin do bhí an soisgéul do rinneamar a sheanmóir dhaóibhse, achd sa Sbiorad Náomh, agus a láindearbhthachd; do réir mar as aithnigh dhíbh an gléus ann a rabhamar bhur measg ar bhur sonsa.
6 Agus do rinneadh luchd leanmhana dhúinne, agus don Tíghearna dhíbh, ar ngabháil na breithre chuguibh a mbuáidhirt mhóir, maille ré gairdeachas an Sbiorad Naóimh:
7 Ionnas go rabhabhair bhur neisiompláiribh don mhéid agá bhfuil creideamh a Macedónia agus a Nachaía.
8 Oír do clós fuáim bhréithre an Tíghearna uáibhse amach, ní hé amháin a Macedónia agus a Nachaía, achd do leathnuidh bhur gcreideamh a Ndía sa nuile áit mar an gcéudna; ionnas nach bhfuil na ríachdanas oruinne éinní labhairt.
9 Oír foillsighid féin oruinn, cionnas do chúadhmar a steach chuguibhse, agus an gléus air ar fhill sibhsé ó íodhaluibh chum Dé chum seirbhíse do dhéunamh don Día bhéo fhírinneach;
10 Agus chum fuireach ré na Mhac ó neamh, noch do thóg sé súas ó mharbhuibh, eadhon Iósa, sháorus sinne ón bhfearg atá chum teachda.