1 Ttessalonicanach 5 BEDELL

Caibidil V

An ghnéullmhuighte is fear, 11 fa choinne an lá dheireannuigh.

1 Gidheadh a dhearbhráithre, ní bhfuil na ríachdanus oruibh sgríobhadh ohuguibh, a dtáobh aimsireadh agus mhóimenteadh.

2 Oír atá a sháirfhíos aguibh féin go dtiucfuidh lá an Tíghearna mar ghaduighe sa noidhche.

3 Oír an tan déuruid síad, Síothcháin agus neambáoghal; tiucfuidh sgrios obann orrtha an tan sin, mar thig iodhana go mnaói thorruidh; agus ní bhéuruid íad féin as.

4 Gidheadh, a dhearbhráithre, ní bhfuil sibhse a ndorchadas, ionnus go dtiucfadh an lá sin oruibh mar ghaduidhe.

5 As clan na soillse sibh uile, agus clan an laói: ní clan do noidhche, ná don dorchadas sinn.

6 Uime sin ná déunam codladh, do nó cháich; achd déunam faire agus bíom measárrdha.

7 Oír an dream chodlas is ann sa noidhche chodluid síad; agus an dream ar a mbí misge is an sa noidhche bhíd ar misge.

8 Gidheadh sinne, atá ar gcloinn ag an lá, bímid meassardha, ar gcur éidigh ochda an chreidimh agus an ghrádha iomuinn; agus mhúinighne an tslánuighthe, mar chlogaid.

9 Oír ní chum feirge dórduigh Día sinn, achd chum an tslánaighthe do ghnodhughadh tré ar Dtighearna Iósa Críosd,

10 Noch do fuáir bás aír ar son, ionnus, mas dúsachd nó codladh dhúinn, go mairfemís na fhochairsion.

11 Uime sin teaguisgidh a chéile, agus follamnuighidh a chéile, amhuil do ní sibh mar an gcéudna.

12 Agus íarrmuid dathchuinghe oruibh, a dhearbhraithre, aithne do bheith aguibh air an luchd do ní sáothar bhur measg, agus atá ós bhur gcionn sa Dtíghearna, agus theaguisgeas sibh;

13 Agus grádh ro dhióghraiseach do bheith aguibh dhóibh ar son a noibre Bíghidh síothchánta eadruibh féin.

14 Agus guidhemid sibh, a dhearbhráithre, teagusgaidh ná daóine míríaghalta, tugaidh furtachd don lagchroídheach, iomchraidh ris a nanbhfann, bighidh foighideach ris a nuile dhuine.

15 Tuguidh aire ribh nách déun éinneach olc a naghuidh uilc ar bith; achd leanuidh an mhaith do ghnáth, da bhur dtáobh féin, agus do tháobh na nuile dhaóineadh.

16 Bíodh gáirdeachas oruibh do shíor.

17 Bíghidh ag úrnuighe gan sgur.

18 Beirídh buidheachas sna huile neithibh: óir a sí sin toil Dé a Níosa Críosd bhur dtáobhsa.

19 Ná múchaidh an Sbiorad.

20 Ná tuguidh neamhshúim a bhfáidheadóireachd.

21 Dearbhuidh na huile neither; congmhuidh an ní bhias maith.

22 Seachnuidh gach uile chosamhlachd uilc,

23 Agus go ndéarna Día na siothchána féin náomtha sibh go hiomlan; agus go gcoimhéudthar bhur spiorad agus bhur nanam agus bhur gcorp go huilighe ó chiontuibh go teachd ar Dtíghearna Iósa Críósd.

24 As díleas an tí do ghoir sibh, noch fós do dhéunas sin.

25 A dhearbhráithre, deanuidh úrnuighe air ar soinne.

26 Teannuidh ribh na dearbhráithre uile maille ré póig náomhtha.

27 Cuirím dúalach oruibh a bhfíadhnuisé an Tíghearna a neipisdilse do léughadh do na déarbhráithribh náomhtha uile.

28 Grása ar Dtíghearna Iósa Críosd maille ribh. Amen.

Caibidlí

1 2 3 4 5