12 Ionnus go siubhalfadh sibh go cúbhaidh do Dhía, noch do ghoireas sibh chum a ríoghachda agus a ghlóire féin.
13 Ar a nadhbharsin bímídne mar an gcéudna gan sgur ag breith bhuídheachais ré Día, do bhrígh, ar ngabháil bhréithre Dé chuguibh noch do chúalabhair uáinne, gur ghabhabhair chuguibh é ní mar bhréithir dháonna, achd (do réir mar atá sé go fírinneach) mar bhréithir Dé, noch fós oibrigheas ionnuibhse an drung chreideas.
14 Oír a dhearbhráithre, do rinneadh dhíbhse, luch leanmhana eagluiseadh Dé nach átá a dtír Iúdaighe a Níosa Críosd: do bhrígh gur fhulaing sibh na neithe céudna ó bhur luchd éintíre féin, amhuil dofhuilngeadarsan ó na Iúduighibh:
15 Noch fós do chuir an Tighearna Iósa chum báis, agus na fáidhe do bhí aca féin, agus do tinne gérleanmhuin oruinne; agus nach dtaitneann ré Día, agus atá conntrárrdha do na huile dhaóinibh:
16 Ag toirmeasg oruinne labhairt ris na Cineadhachuibh chum a slánuighthe, chum bheith dhóibh ag sirlíonadh a bpeacuighibh: óir táinic a nfearg orrtha go síorruidhe.
17 Agus ar mbeith dhúinne, dealuighe ribh a dhearbhráithre, ar feadh tamuill bhig a bpearsuinn, ní a gcroídhe, as móide do rinneamar dithcheall é chum bhur naighthe dfaicsin maille ré hiomad míana.
18 Uime sin bá mían rinn teachd chuguibh, riumsa Pól go háirighe,) uáir no dhó; achd do chuir Sátan toirmeasg oruinn.