6 Agus níor íarramar glóir ó dhaónibh ná uáibhse, ná aróile: bíodh gur bhféidir linn trom do léigean oruibhse, mar absdaluibh Chríosd.
7 Achd do bhámar caóin bhur measg, agus amhuil do bhíadh buime ag altrom a cloinne:
8 Is mar sin, ar mbeith dhúinne fonnmhar ionnuibhse, bá mían rinn ní hé amháin soisgéul Dé do roinn ribh, achd ar nanmanna féin mar an gcéudna, do bhrígh go rabhabhair róionmhuin dhúinn.
9 Oír as cúimhain libh, a dhearbhráithre, ar sáothairne agus ar nanshógh: óir ar mbeith dhúinn ag déunamh sáothair do ló agus doidhche, deagla ar dtruim do léigean ar éunduine aguibhse, do rinneamar soisgéul Dé do sheanmóir dhaóibh.
10 As fiadhnuisighe sibhse, agus Día créd é a náomhtha, agus a chómhthruime agus a neamhlochduíghe do iomchramar sinn féin eadruibhse an drung chreideas:
11 Mar as aithnigh dhíbh cionnas do bhímís ag teagasg agus ag furtachd agus ag guidhe gach aóin fó leith aguibh, amhail do dhéunadh athair ré na chloinn,
12 Ionnus go siubhalfadh sibh go cúbhaidh do Dhía, noch do ghoireas sibh chum a ríoghachda agus a ghlóire féin.