8 Oír atámuidne a nois béo, dá seasuidh sibhse sa Dtíghearna.
9 Oír créd é an buídheachas as féidir linne do thabhairt mar mhalairt do Dhía bhur sonsa, do bhrígh a nuile gháirdeachais re a ndéunmuid gairdeachas thríbhse a bhfiadhnuise ar Ndé féin;
10 Dá íarruidh dathchuinghe go ro dhithchiollach do ló agus doidhche bhur naghuidh dfaicsin, agus uireasbhuidh bhur gcreidimh do leasughad?
11 Agus go dtréoruidh Día féín eadhon ar Nathaír, agus ar Dtíghearna Iósa Críosd sinn, sa tslíghe dhírigh chuguibhse.
12 Agus go méuduighe an Tíghearna sibh agus go dtuguidh fó deara dhibh líonadh a ngrádh dhá chéile, agus do na huile dhaóinibh, do réir mar atámuidne fós díbhse:
13 Chum bhur gcroidheadh do dhaingniughadh neimchiontach a náomhthachd a bhfiadhnuisi Dé eadhon ar Nathar, a dteachd ar Dtíghearna Iósa Críosd maille ré na nuile náomhuibh.