10 Agus fós do níthí an ní céudna do na huile dhearbhraíthribh ar feadh na Macedónia uile: gidheadh íarrmuid dathchuinge oruibh, a dhearbhráithre, teachd ar bhur nághuidh ní sa mhó na chéile;
11 Agus bhur ndithchioll do dhéunamh ré bheith ciúin, agus re bhur ngnothuighibh féin do dhéunamh, agus ré sáothrughadh dhíbh ré bhur lámhuibh féin, do réir na naitheantadh thugamairne dhíbh;
12 Chum sibh féin diomchar go cubhaidh a dtáobh na druinge atá don táobh amuith, agus ionnus nách bíadh uireasbhuidh éinneithe oruibh.
13 Agus a dhearbhráithre, ní hail leam ainbhfios do bheith oruibh, a dtáobh na muinntire atá na gcodladh, ionnas nach déunadh sibh doilgheas, mar an drung ag nách bhfuil muinighin.
14 Oír má chréidmíd go bhfuáir Iósa bás agus gur eidéirghe sé, as amhluidh sin fós bhéuras Día an drung chodlus a Níosa ma ráon is.
15 Oir a deirmíd so ríbh a mbréithir an Tíghearna, nach rachmuidne an luch atá beó, do fáigeadh go teachd an Tighéarna roimh an luchd atá na gcodladh.
16 Oír tiucfuidh an Tíghearna féin a núas ó neamh maile ré gáir, ré gúth a narchaingil, agus re sdoc Dé: agus eireóchuid na mairbh a Gcríosd ar tús: