7 Oír ní chum neamhghloine do ghoir Día sinn, achd chum náomhthachda.
8 Ar a nadhbharsin an tí chuireas a neamhshuin na neithesi, ní a nduine atá neamhshúim aige, achd a Ndía, noch fós tug dhúinne a Sbiorad náomhtha féin.
9 Achd a dtáobh ghrádh bhráithreamhuil ní bhfuil sibhse a riachdanas sgríobhadh chuguibh: óir do teaguisgeadh sibh ó Dhía, chum a chéile do grádhughadh.
10 Agus fós do níthí an ní céudna do na huile dhearbhraíthribh ar feadh na Macedónia uile: gidheadh íarrmuid dathchuinge oruibh, a dhearbhráithre, teachd ar bhur nághuidh ní sa mhó na chéile;
11 Agus bhur ndithchioll do dhéunamh ré bheith ciúin, agus re bhur ngnothuighibh féin do dhéunamh, agus ré sáothrughadh dhíbh ré bhur lámhuibh féin, do réir na naitheantadh thugamairne dhíbh;
12 Chum sibh féin diomchar go cubhaidh a dtáobh na druinge atá don táobh amuith, agus ionnus nách bíadh uireasbhuidh éinneithe oruibh.
13 Agus a dhearbhráithre, ní hail leam ainbhfios do bheith oruibh, a dtáobh na muinntire atá na gcodladh, ionnas nach déunadh sibh doilgheas, mar an drung ag nách bhfuil muinighin.