10 Achd atá a nois ar fhoillsiughadh tré theachd deallruigheeach ar Dtíghearna Iósa Críosd, noch do dhíbhir an bás, agus tug beatha agus neamhthruáilleadh chum soillse trés an tsoisgéul:
11 Chum ar hórduigheadh misi um sheanmóntuigh, agus um absdal, agus um dhoctúr na Gcineadhach.
12 An tadhbhar fá a bhfuilim ag fulang na neitheannsa: gidheadh ní bhfuil adhnáire oram: oír atá a fhios agum cía dhár chreid mé, agus as deimhin leam gur féidir leis an ní dfág mé táobh ris do choimhéud fa chómhair an láoi úd.
13 Bíodh agad sompla fírinneach na mbríathar bhfalláin, do chúaluidh tú uáimse, a gcreideamh agus a ngrádh a Níosa Críosd.
14 Coimhéid an taisge mhaith do fágbhadh agad trés an Sbiorad Náomh chómhnuigheas ionnuin.
15 Atá a fhios so agad, gur thréigeadar luchd na Hásia uile misi, agar ab dhíobh Phigellus agus Hermogínes.
16 Go dtuguidh Tighearna na trócaire do thigh Onesiphoruis; óir tug sé fúaradh go minic dhamhsa, agus níor ghabh adhnaire é f shlábhradh: