2 Timóteuis 3 BEDELL

Caibidil III

Na haimseara báoghlach ré teachd. 16 Fós úghdar agus eifeachd na sgriobtúr.

1 Agus bíodh a fhios so agad, go dtiucfuid aimseara báoghlacha sna laethibh déigheanacha.

2 Oír béid dáoine rócheanamhuil orrtha féin, sanntach, aidhbhéil, díomsach, íthiomráiteach, easúmhal dá naithribh agus dá máithribh, dómbuidheach, neamhnáomhtha,

3 Gan ghrádh nadúrtha, luchd drochchoinghill, luchd éilighe bréugacha, neímhmeassardha, borb, gan ghrádh don mhaith,

4 Luch bratha, mearrgánta, áirdinntinneach, luchd ghrádhaigheas sáimhe ní sa mhó na Día;

5 Leigeas orrtha féin bheith díagha, achd do dhíult do chúmhachd na díaghachda: agus seachainse a samhuil sin.

6 Oir is don druingse an luchd bhíos ag teultógh a steach a dtighthibh, agus bheireas ríu a mbruid mná simplidhe líonta do pheacadh, noch do threóruighthear ré hainmhíanuibh éugsamhla,

7 Ag fóghluim do shíor, agus go bráth gan teach dhóibh chum eólais na fírinne.

8 Agus do réir mar do chuir Iannes agus Iambres a naghuidh Mhaóisi, as mar an gcéudna chuirid an dreamsa a naghuidh na firinne: luch inntinne truáillighe, mearuighe a dtáobh am chreidimh.

9 Gidheadh ní bhéuruid buáidh ní sa mhó: óir biáidh a gcúthach follas do na huile dháoinibh, amhuil do bhí a gcúthach súd mar an gcéudna.

10 Achd do lean tusa mo theagusga, réim mo bheatha, mo rún, mo chreideamh, mo cheannsachd, mo ghrádh, agus mfoighid,

11 An ghérleanmhuin, an pháis, a dfulaing mé a Nantióchia, a Nicónium, agus a Lisdra; créd é méid na gérleanmhana diomchuir mé: achd do sháor an Tighearna mé úatha uile.

12 Agus fós, an mhéid ler mían a mbeatha chaitheamh go díagha a Niósa Críosd fuileónguin síad gerleanmhuin.

13 Achd na drochdháoine agus na mealltóirighe rachuid air a naghuidh sa nolc, ag mealladh, agur ar na mealladh dhóibh.

14 Achd comhnuighse sna neithibh do fhóghluim tú agus do fágbhadh táobh riot, ar mbeith a fheasa agad cía ór fhoghluim tú íad;

15 Agus ó bhí tú ad leanabh go raibh eólas na sgrioptúr náomhtha agad, lér féidir do dhéunamh éagnuidhe chum slánaighthe trés an gcreideamh noch atá a Niósa Críosd.

16 Is ó Sbioruid Dé tháinic an sgriobtúir uile, agus is tarbhach é chum teaguisg, chum spreagtha, chum ceartuighthe, chum foirceaduil na fíréuntachda:

17 Ionnus go mbíadh óglach Dé diongmhalta, agus ullmhuighe go hiomlán chum na huile dhéaghoibhre.

Caibidlí

1 2 3 4