1 Uime sin, a mhic, bíse láidir sa ngrás atá a Níosa Críosd.
2 Agus na neithe do chuáluidh tú uáimse a láthair mhoráin dfíaghnuibh, táobh na neithe céudna ré dáoinibh dísle, noch bhías foirtill ar dháoinibh eile do theagusg mar an gcéunda.
3 Uime sin fulaingse anshógh, mar shaighdíur maith Iósa Críosd.
4 Ní chreapluighear éinneach dá leanann an cogadh ré gnothuighthibh na beathasa; ionnus go ndéanadh toil an tí do thobh é na shaighdiúr.
5 Agus fós má ní áoinneach sbáirn fo mhaighisdreachdaibh, ní curthar coróin air, muna ndearna sé sbáirn go dlisdionach.
6 As eígean do treabhthach sáothar do dhéunamh suil do gheibh sé na tórtha.
7 Smuáin ar na neithibh a deirim; agus go dtuguidh ar Tíghearna tuigsi dhuit sna huile neithibh.
8 Cuímhnigh gur eiséirghe Iósa Críosd ó mharbhuibh, do shíol Daibhi do réir mo shoisgéilse:
9 Ar son a bhfuilim ag fúlang uilc, go géibheannuibh, mar fhear drochgníomha; gidheadh ní bhfuil bríathar Dé ceanguilte.
10 Uime sin iomchruim na huile neither ar son na druinge atá ar na dtogha, chuni an tslánaighthe atá a Niósa Críosd do ghnódhughadh dhóibhsion mar an gcéudna maille ré glóir sbíorruidhe.
11 As rádh fírinneach so: Oír más bás dúinn ná fhochair, búdh marthuinn dúinn mar an gcéudna na fhochair:
12 Má nimíd fúlang bíam a rioghachd mar an gcéudna maille ris: dá séunam é, séunfa seision sinne mar an gceudna:
13 Má nách ccreidmídne fanaidh seision díleas: ní féidir leis é féin do shéuna.
14 Cuir na neithesi a gcuimhne dhóibh agus aithin díobh a bhfíadhnuisi an Tíghearna gan bheith ag cíapáil a dtimchioll focal gan tairbhe air bith, achd búaidhreadh don druing éisdeas.
15 Déun díthchioll ar thú féin do tháisbéunadh ionmholta do Dhía, a tfior oibre nách rig a leas adhnaire do bheith aire, ag gearradh bhreithre na fírinne go cómhthrom.
16 Toirmisg ciapáil bhríathar neamhdhíagha gan éifeachd: óir tiucfuidh ar a naghuidh chum tuillidh neimhdhiaghachda.
17 Agus biáidh a mbríathar ag cnáoi mar chancar: agár díobh Himenéus agus Philétus;
18 Noch a dtáobh na fírinne do chuáidh ar seachrán ón gcómhartha, ag rádh go ndeachuidh a neiséirghe thoruinn cheana; agus sgriosas creideamh dhruinge áirighe.
19 Gidheadh fanuidh fonndameint dhaingean Dé ar bun, aga bhfuil an séulasa, eadhon Go bhfuil fios a mhuinntire féin ag an Dtíghearna. Agus, Gach áon ghoireas ar ainm Chríosd seachnadh sé a néugcóir.
20 Gídheadh a dtígh mór bíd, ní hé amháin soithighe óir agus airgid, achd fós soithighe croinn agus críadh; cuid díobh chum onóra, agus cuid eile chum neamhonóra.
21 Uime sin dá nglana neach ar bith é féin úatha so, biáidh sé na shoitheach chum onóra, ar na dhéunamh náomhtham oireamhnach don Tíghearna, ullamh chum gach uile dheaghoibre.
22 Seachuin mar an gcéudna ainmíana na hóige: agus lean dfíréuntachd, do chreideamh, do ghrádh, do shíothcháin, maille ris an druing ghoireas air an Dtíghearna ó chroidhe ghlan.
23 Agus seachain ceasda éigcéillidhe neamhfhoghlomtha, ar mbeith a fheasa agad go mbrósduighid síad ceannaruic.
24 Oír ní coir do shearbhfoghantuidhe an Tíghearna bheith ceannarraiceach; achd bheith ceannsa ris na huile dháoinibh, réidh chum teaguisg, ag iomchar ré drochdháonibh,
25 Ag teagusg na druinge bhíos conntrarrdha dhá inntinn maille ré ceannsachd; dféuchain an dtiubhradh Día aithrighe dhóibh uáir ar bith chum na fírinne dadmháil;
26 Agus teachd ar a nais, ó dhul an díabhail, agá bhfuilid gabhtha mar is áill leis féin.