4 Agus fillfid síad a gclúasa ón bhfírinne, agus geillfid do sgéultuibh fábhuill.
5 Gidheadh déunsa faire sna huile neíthibh, fulaing anshógh, déin obair shoíbhisgeil, tabhair fá deara do mhiniosdrálachd do bheith dearbhtha.
6 Oír atáimse a noise féín dom íodhbairt, agus is fógas damh aimsir mimtheachda.
7 Do chómhraic mé cómhrac maith, ráinic mé ceann mo choimhleanga, do choimhéid me an creaideamh:
8 O so amach atá coróin fhíréuntachda ar na taisge fám chomhair, noch bhéuras an Tíghearna, an breitheamh cómhthrom dhámh sa ló úd: agus ní dhámhsa amháin, achd mar an gcéudna do na huile dháoine ghrádhuigheas a theachd.
9 Déun deithneas ré theachd chugam go haithghearr:
10 Oír do thréigh Démas mé, ar dtábhairt ghrádha don tsáoghalsa a láthair, agus do imthigh sé go Tessalonica; Crescens go Galátia, Titus go Dalmátia.