Ccolossianach 1 BEDELL

Caibidil I

An Críosd firinneach, 18 ceann na heagluise; 26 noch a nallod bhi diamhar ar na cineadhachaibh.

1 Pol, absdal Iosa Críosd tré thoil Dé, agus an dearbhrathair Timotéus,

2 Chum na náomh agus na ndearbhráthar ndíleas a Níosa Críosd a Gcolosse: Grása maille ribh, agus siotcháin, ó Dhía Athair agus ón Dtíghearna Iosa Críosd.

3 Beirmíd a bhuidhe ré Día agus ré Hathair ar Dtíghearna Iosa Críosd, ag déunamh urnuighe do shíor ar bhur sonsa,

4 On tráth fá gcúalamar iomrádh bhur gcreidimh a Níosa Críosd, agus bhur ngrádh do na huile náomhuibh,

5 Ar son ná muinighne atá ar na cur a gcoimhéud bhur noirchill air neamh, agá bhfuárabhair a túarásgbháil roimhe a mbréithir fhírinne an tsoisgéil;

6 Noch tháinic chuguibhse, comhmaith ris an ndomhan uile; agus do bheir toradh úadha, mar do bheir bhur measgsa, ón lá fá gcúalabhair, agus fá bhfúarabhair éola air ghrás Dé go fírinneach:

7 Amhuil fós do fhoghluim sibh ó Epaphras ar gcoimhshearbhfoghantuidh grádhach, noch atá ar bhur sonsa na mhinisdir díleas ag Críosd;

8 Noch fós do fhoillsigh dhúinne bhur ngrádhsa trés an Sbioruid.

9 Uime sin, ón lá fá gcúalamar, ní sguirmíd dá bheith ag úrnuighe ar bhur son, agus ag athchuinghe sibhse do bheith líonta déolas a thoilesion a nuile éagna agus thuidge sbioradalta;

10 Ionnus go siúbhalfadh sibh mar as cubhaidh don Tíghearna maille ré sa thoil do dhéunamh sna huile neithibh, ag tabhairt toruidh uáibh sa nuile dheaghobair, agus ag fás a néolas Dé;

11 Ar bhur neartughadh maille ris a nuile neart, tré na chúmhachd glórmharsan, chum na huile fhoighide agus fhulaing maille ré gáirdeachas;

12 Ag breith bhuídheachais ris a Nathair, noch do rinne sinne iomchubhaidh chum coda dóighreachd na náomh sa tsoillse:

13 Noch do sháor sinn ó chúmhachduibh an dorchaduis, agus do atharruigh sinn go rioghachd a Mhic ionmhuin féin:

14 Ion a bhfuil an fúasgladh aguinn tré na fhuil, eadhon maithmheachas na bpeacadh:

15 Noch atá na iomháigh don Día dofhaicsigh, na chéidghin na nuile chreatúr:

16 Oír is leisean do crúthuigheadh na huile neithe, noch atá ar neamh, agus ar talamh, sófhaicsigh agus dófhaicsigh, más árdchaithireacha íad, nó tíghearnuis, nó úachdaránachd, nó cúmhachda: as leision agus ar a shonsan, do crúthugheadh íad uile:

17 Agus atá féin roimh na huile neithibh, agus is trídsion sheasaid na huile neithe a bhfochair a chéile.

18 Agus as eision ceann chuirp, na heagluisi: agar ab é an tosach é, an chéidgin ó mharbhuibh; chum airdcheannuis do bheith aige ós cionn na huile.

19 Oír do thogair an Tathair a nuile iomláine so chómhnuidhe annsan:

20 Agus, na huile neither do dhéunamh réidh ris féin thrídsion, ar ndéunamh siothchána tré fhuil a chroichesean; mas air talamh íad, no air neamh.

21 Agus sibhse, do bhí a nallód bhur gcoimhightheachuibh agus bhur náimhdíbh ann bhur ninntinn tré drochóibrighibh, do réidhigh sé a nois daóibh

22 A gcorp a fhéola féin tré bhás, chum bhur ndéunta náomhtha glan agus neimhchiontach na fhíadhnuise féin:

23 Má chómhnuigheann sibh go fonndameinteach daingean sa gcreideamh, gan bheith dhíbh ar bhur nathrughadh ó mhuinighin an tsoisgéil, noch do chúalabhair, agus do rinneadh sheanmóir dá gach uile chreatúr atá faói neamh, dá bhfuilimse Pól am mhinisdir;

24 Noch do ní a nois gairdeachas ann sna neithibh fhuilingim ar bhur sonsa, agus choimhlíonas fuigheall buáidheartha Chríosd am fheóil ar son a chuirpsion, eadhon a neagluis:

25 Dá ndearnadh minisdir dhíom, do réir fheadhmanntuis Dé tugadh dhamh bhur dtáobhsa, chum breithre Dé do choimhlíonadh;

26 An ruindiamhair do bhí folaighthe ó thus an domhuin agus ó ré na sinnsear, achd a nois atá ar na fhoillsiughadh dhá naómhuibhsion:

27 Dar thogair Día a fhoillsiughadh créd é siadhbhread ghlóire an ruindíamhairse a measg na Gcineadhach; agar ab é Críosd é bhur measgsa, muinighin na glóire:

28 Noch do nímidne sheamóir, agus tabhair fógra dá gach áon, agus ag teagusg gach aóin sa nuile eagna; chum gach áon do thabhairt a láthair iomlán a Níosa Críosd:

29 A ní chum a bhfuilimse ag déunamh díthchill, ar mbeith dhamh ag sbáirn do réir mar oibrigheas a oibriughadhsan ionnam go cumhachdach.

Caibidlí

1 2 3 4